Home > Stories > Oireachtas na Gaeilge IN THIS SECTION
Oireachtas na Gaeilge
November 27th 2013
An 17 Bealtaine 1897
Thionól Conradh na Gaeilge ‘Oireachtas na Gaeilge’ den chéad uair riamh i Seomra Cruinn an Rotunda in 1897. Cuireadh ar siúl mar chuid den chéad Oireachtas naoi gcomórtas san fhilíocht, sa phrós, san amhránaíocht, sa scéalaíocht agus sa rannaireacht. D’éirigh go han-mhaith leis an bhféile agus d’fhreastail breis is míle duine uirthi. Scríobh agus chum Annie W. Patterson an slógamhrán ‘Go mairidh ar nGaedhlig slán’ don ócáid agus chuir Dermot Foley focail leis.