Osclaíodh An Gairdín Cuimhneacháin san Aibreán, 1966 chun an Leathchéad Bliain ó Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh. Tá sé suite san áit inar coinníodh príosúnaigh in 1916, agus inar bunaíodh Óglaigh na hÉireann roimhe sin sa bhliain 1913. Tarraingíonn an dearadh agus an leagan amach atá air ar ré na gCeilteach in Éirinn. Bhunaigh Oisín Kelly an dealbh chré-umha a rinne sé, agus a nochtadh in 1971, ar an scéal Gaeilge ‘Clann Lir’ agus ar an dán ‘Easter 1916’ a chum W.B. Yeats.
Sa bhliain 1976 roghnaíodh an dán ‘We saw a vision’ (Rinneadh Aisling Dúinn) le greanadh i bhfoirm scríbhinne sa bhalla cloiche ar chúl na deilbhe. Ba é Liam Mac Uistín a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a fuair a chuid oideachais i gColáiste Mhuire a scríobh an dán i bhfoirm aislinge i nGaeilge, i bhFraincis, agus i mBéarla.