Is Cearnóg Parnell an sampla is luaithe de chearnóga Seoirseacha Bhaile Átha Cliath agus deirtear gurb í an sampla is fearr dá bhfuil ann chomh maith. Bhí suntas ag baint léi sular tháinig an Ré Sheoirseach áfach. Tháinig chun solais de dhroim tochaltán a rinneadh sa cheantar láithreacha adhlactha a théann siar go dtí Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. I 1748 ghlac an Dr. Bartholomew Mosse ceithre acra agus aon ród amháin ar léas ar an taobh thuaidh de Shráid na Breataine Móire chun ospidéal máithreachais a bhunú. D’oscail an t-ospidéal nua i 1757 agus is mór an fhorbairt atá tagtha ar Ospidéal an Rotunda, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann, ó shin i leith.
Tá clú ar an gceantar timpeall ar Chearnóg Parnell de bharr na hilchineálachta agus na codarsnachta atá le feiceáil ann. Is sa cheantar seo atá cónaí ar an líon is airde d’imircigh agus de ‘Nua-Éireannaigh’ sa chathair. Tá an iliomad bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna suite sa cheantar, chomh maith le seirbhísí oideachais agus oiliúna d’aosaigh. Tá campais de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath lonnaithe i gcóngar na cearnóige, ar campais iad atá sé beartaithe a gcuirfear tús lena mbogadh go dtí an campas nua i nGráinseach Ghormáin in 2017.
STAIR
De bharr go raibh na tithe i gCearnóg Parnell, a tógadh timpeall ghairdíní pléisiúir an Rotunda i dtreo dheireadh an 18ú haois, chomh mór sin, b’éasca an rud é iad a athchóiriú ina n-óstlanna, ina n-oifigí agus ina scoileanna. Is iomaí úsáid a bhaintear as na foirgnimh ar Chearnóg Parnell anois, ina measc siúd tá Ospidéal Máithreachais an Rotunda, ceannárais ceardchumann, dlíodóirí, gnóthais, oifigí, árasáin, bialanna, óstáin, Gailearaí Hugh Lane, Amharclann an Gheata, Áras na Scríbhneoirí, Músaem na Scríbhneoirí agus Eaglais Phreispitéireach na Mainistreach.
Tá an Gairdín Cuimhneacháin suite sa Chearnóg freisin, arb é an t-ionad náisiúnta comórtha d’Éirí Amach na Cásca 1916 a bhí ar cheann de na príomhthosca as ar tháinig bunú Shaorstát Éireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde Conradh na Gaeilge in 1893 agus bogadh a cheannáras go dtí Uimhir a 25 Cearnóg Parnell i 1909. Is iad Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus an tAth. Eoghan Ó Gramhnaigh a chuir an Conradh ar bun chun úsáid na teanga náisiúnta a athbheochan agus a athbhunú mar theanga labhartha agus liteartha. Reáchtáladh an Conradh ceachtanna teanga agus féile náisiúnta darbh ainm ‘an tOireachtas’, agus d’fhoilsíodh sé nuachtán dar theideal ‘an Claidheamh Soluis’. Sa Rotunda Rink a bunaiodh Oglaigh na hÉireann i 1913. Ar an 9 Meán Fomhair 1914, ag Uimhir a 25 a bheartaigh ardchomhairle bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus ceannairí eile ar eírí amach i gcoinne smacht na Breataine .
FHOGAIRT TIONSCADAIL
Dé hAoine, an 5 Aibreán 2013, d’fhógair an tArd-Mhéara Naoise Ó Muirí sonraí maidir le tionscadal thar na bearta nua do Chathair Bhaile Átha Cliath: Ceathrú Chultúrtha Chearnóg Parnell. Beidh i gceist leis an bhforbairt seo leabharlann úrnua, nuálach a thógáil do Chathair Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil Coláiste Mhuire suite ar Chearnóg Parnell faoi láthair. Déanfar an Leabharlann Chathrach nua seo agus Gailearaí Hugh Lane a nascadh le chéile le plás cathrach nua, rud a chruthóidh ceantar idirchultúrtha nua do Bhaile Átha Cliath.
Tabharfaidh an Leabharlann Cathrach nua a bheidh ar Chearnóg Parnell cúnamh le foghlaim agus léamh na Gaeilge mar go mbeidh bailiúcháin Ghaeilge inti agus acmhainní chun an teanga a fhoghlaim ar líne, chomh maith le cur agus cúiteamh agus comhrá Gaeilge i ngrúpaí, agus cuirfear leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil faoi láthair i Lárleabharlann reatha Bhaile Átha Cliath san Ionad Ilac, Sráid Anraí.
Is Cathair Litríochta UNESCO í Baile Átha Cliath agus déanann Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath obair thábhachtach ó thaobh na gclár a bhaineann leis seo a bhainistiú. Is sa Seomra Scéalta, ionad nua litríochta, a bheidh na bailiúcháin speisialta litríochta i nGaeilge agus i mBéarla atá ag an leabharlann lena n-áirítear eagráin uathúla agus ábhar taighde a bhaineann le litríocht na Gaeilge agus leis an amharclann. Spreagfaidh sí an fhoghlaim agus an chruthaitheacht. Léigh faoi Órchiste na Gaeilge i Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá socruithe á ndéanamh i láthair na huaire le húinéireacht iarfhoirgneamh Choláiste Mhuire a aistriú ó Oifig na nOibreacha Poiblí chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh na Bráithre Críostaí Coláiste Mhuire i 1931, arna iarraidh sin ag Rialtas Shaorstát Éireann, chun críche iar-bhunscolaíocht a chur ar fáil do bhuachaillí trí mheán na Gaeilge. Bhí an scoil lonnaithe ar Chearnóg Parnell Thuaidh go dtí 2003, tráth ar bogadh go dtí Bóthar Ráth Tó i mBaile Átha Cliath 7 í.
Is í cuideachta idirnáisiúnta infheistithe agus seirbhísí réadmhaoine darb ainm Kennedy Wilson atá ag cur an airgid tionscnaimh ar fáil don tionscadal ar bhonn daonchairdiúil. Beidh an chuideachta, a bhfuil a ceannáras Eorpach suite i mBaile Átha Cliath, freagrach as tuilleadh airgid a thiomsú don tionscadal chomh maith le sainchomhairle a chur ar fáil i dtaca le bainistiú na forbartha.